top of page

Merlin - As Béal an Dragain

Caibidil 1: Fáilte go Camelot 

Tosaíonn ár scéal le sliocht ón Dragan Mór

 

Níl a fhios againn cén chinniúint go bhfuil againnse féin. Ní féidir linn léamh cad go mbeidh i ndán dúinn, is cuma cé mhór go mbeidh ár bpáirt sa scéal. Go mairimid agus go bhfoghlaimímid chomh maith le gach duine eile. Inseoidh mé an scéal céanna daoibh faoi mórdraoi óg a bheidh ag teacht ar na ngeataí Chamelot ar ball beag. Is é an t-ainm atá air Merlin agus buachaill a bhunóidh seanchas atá ann.

 

Téann Merlin go Camelot

 

Fadó, fadó chuaigh Merlin go Camelot. Bhuel, shiúil sé chuig an gcathair agus teangacha a bhróg ag longadán anonn is anall agus é ar a bhealach ann. Ní raibh ann ach stócach bocht thart faoin am sin agus ní raibh a fhios aige cén dóigh marcaíocht ar chapall a dhéanamh, agus ní raibh capall aige fiú! 

Ba bhuachaill deas is cairdiúil é Merlin. Bhí sé ard tanaí agus bhí gruaig dhubh, súile gorma, agus cluasa móra air. É sin ráite, níor éist sé le daoine eile ar chor ar bith – agus fadhb i gcroí an scéil seo a bheidh inti sin, déanta na fírinne. Mar sin féin, ní hionann sin ‘s a rá go raibh sé ag déanamh amaidí gach lá. Thuig sé rudaí praiticiúla, mar shampla: ná bí i do shuí ar do thóin nuair a bhuaileann tú le díbheargaigh sa choill, ná hól uisce as an áit naofa agus rudaí mar sin. Cé gur thuig sé é sin, rinne sé a rogha rud freisin. Tugadh am crua dó, ach b’fhearrde sé é gan dabht. 

Chaith sé éadach glan buanfasach. Éadach donn a bhí i gceist den chuid is mó, ach bhí léine ghorm is scaif dhearg iontach deas aige freisin. Ní raibh ach mála beag amháin aige chomh maith le pocán fíona, a luasc nuair a ghlac sé gach céim, agus éadach olla áisiúil ar chodail sé air. 

Bhí sé an-ghaofar nuair a chuaigh Merlin thar na sléibhte ar an mbóthar gainimh, ach mhothaigh sé an ghrian ar a aghaidh. Bhí sé te go leor. Bhí lá breá geallta don lá, rud a rinne radharc an tírdhreacha i bhfad níos áille. Bhí féar glas agus rosáin bheaga ag fás taobh le cosán an tsléibhe, crainn ghiúise ina sheasamh ar charraigeacha na n-aillte, sruthanna beaga sneachta ag soilsiú ar cheann an tsléibhe agus néalta geala ag síneadh go bun na spéire. Ní fhaca sé Camelot fós agus bhí tinneas cosa air, ach níor chuir sé sin moill air. Le fírinne, bhí an-dúil ag Merlin sa turas mór agus bhí sé sásta, is dócha. 

Diaidh ar ndiaidh, d’éirigh móinéir an tsléibhe clúdaithe le crainn agus tháinig Merlin go tobann ar choill mhór. Bhuail sé craobhacha amach as a aghaidh agus chuaigh sé de thruslóg thar na craobhacha briste a bhí ar an mbóthar.  

Bhí an bóthar fada go Camelot, ach thuig sé go raibh sé in aice leis an gcathair nuair a chonaic sé ridire amháin ar dhroim capaill ar chosán na coille, é ag caitheamh clóca dearg as Camelot ar a chulaith chruach. Ba í Camelot an chathair ní ba shaibhre sa cúig thír agus rinne na ridirí patról ar líomatáiste go minic ar mhaithe leis an ríocht. Chonaic Merlin geataí na cathrach mhúrtha den chéad uair nuair a d’imigh sé faoi dheireadh thiar thall as an gcoill. Dhírigh sé strapaí leathair a mhála gur thosaigh sé ag tabhairt faoin chuid deireanach dá thuras. Chuala sé daoine ag comhrá agus rinne sé miongháire nuair a tháinig sé ar an bPríomh-Gheata.

Bhí an buachaill ag smaoineamh fós gurbh fhiú go mór é a bhí ann de réir mar a bhí sé ina sheasamh ag an bPríomh-Gheata, é ag stánadh suas ar chroí na cathrach: a caisleán mór cloiche. Ní raibh an bealach ar eolas ag Merlin, ach ní bheadh sé an-deacair an caisleán a aimsiú mar bheadh sé cinnte ar cheann na sráide, ag barr an chnoic.

Shiúil Merlin trasna leac an dorais le gáire ar a bhéal. Agus tháinig sé go díreach ar an tsráid mhór. Bhí an Príomh-Gheata lonnaithe sa mbaile íochtar a bhí dubh le daoine an mhaidin sin. Seanscéal agus meirg air i ngach cathair mhór, ach níor thug Merlin cuairt ar chathair mhór roimhe. Chuir saol na cathrach uafás agus iontas ar an mbuachaill tuaithe. Chonaic sé buachaillí ag rith sa tsráid, máithreacha ag dúl tríd an margadh, agus greim láimhe acu ar a bpáistí, ‘s daoine de gach aois ag obair ó luath ar maidin.

Bhí muintir Chamelot an-gnóthach. Thug Merlin faoi deara go raibh boscaí lán de ghlasraí agus arán ar a cguaillí agus go raibh siad ag tarraingt a gcairteacha féin le hearraí agus tuí is rudaí mar sin. Bhí sicíní ag gocarsach i gcliabháin in aice leis na tithe agus bhí ba agus asail ceangailte go dlúth le daoine. Níor labhair Merlin le duine ar bith de réir mar a chuaigh sé i dtreo a cheann scríbe, ach bhreathnaigh sé thart arís is arís, dóchasach go raibh saol nua roimhe i gCamelot. 

 

An bású

 

Seinneadh trompaí agus drumaí nuair a bhí Merlin ag teacht ón mbaile íochtar go dtí an gcaisleán sa mbaile uachtair, ach ní ceol dearfach a bhí ann. Bhí an clós an-mhór agus lán le daoine. Bhí cách ag fanacht go tnúthánach ar ardán cearnógach i lár an chlóis ar sheas gardaí armtha timpeall air. Ní raibh a fhios ag Merlin cén saghas seó a bhí le tosú agus ní raibh am ar bith aige tuairimiú faoin gceist ach an oiread. Ag an am céanna, chonaic sé go raibh beirt ghardaí ag tabhairt fir trasna an tslua chuig an ardán. Iarnaíodh an fear taoibh a dhroim agus bhí na gardaí ag coinneáil greama crua ar a uillinneacha.

 

Buaileadh na drumaí go mall agus bhí Merlin ar tinneall nuair a fuair sé amharc ar cheap an bhásadóra ansin.

 

‘Foghlaimímis as seo,’ arsa glór fir ón bhalcóin os cionn an chlóis caisleáin. Chaith Merlin agus an lucht féachana súil ar an bhfear, agus bhí sé ag caitheamh ionar donnrua veilbhite, léine chruach, siogairlín ríoga fada agus coróin óir ar a cheann. 

 

Ba é rí Chamelot agus bású an seó a bheadh ann.

 

‘Breithnítear go bhfuil an fear seo, Thomas James Collins, ciontach as comhcheilg draíocht agus geis a úsáid,’ a dúirt an rí, agus é ag déanamh macalla ar fud an chlóis. Bhreathnaigh Merlin ar an rí agus eagla ar a aghaidh. Rinne an buachaill iarracht slogadh go neirbhíseach ach bhí a bhéal tirim.

 

‘De réir dlí Chamelot, fógraímse, Uther Pendragon, le fada an lá, go gcuirfear chun báis duine ar bith a chleachtaíonn draíocht,’ arsa an rí, agus bualadh na drumaí go tapadh. ‘Is rí cothrom macánta mé, agus iontach bródúil as, ach nuair is asarlaíocht atá i gceist, ní ghearrfaidh mé ach pionós amháin.’

 

Sméid an rí a cheann agus chas Merlin chuig an bhfear a daoradh chun báis é. Cuireadh an draoi ar a ghlúine agus cromadh a cheann ar bhloic adhmaid. Bhí ciseán beag ann a bhéarfadh ar a cheann gearrtha. Ansin rug an básadóir greim ar chos na tua. D’ardaigh sé suas san aer é go díreach nuair a chuir an rí a lámh chlé suas. Agus, le smeach dá rosta, bhí an t-asarlaí marbh.

 

D’iompaigh go leor daoine ann a súile ón bású. Níor chuala Merlin tuairt an chinn ar an ardán, mar gheall gur tharraing na breathnóirí anáil dhomhain ag an am céanna. D’fhéach Merlin go doicheallach ar an rí agus chan na préacháin os cionn na cathrach de réir mar a bhí an rí ag tosú a chainte arís.

 

‘Nuair a tháinig mé go dtí an tír seo, bhí an ríocht ina cíor thuathail. Ach le cabhair mhuintir na cathrach agus na tuaithe, díbríodh draíocht as an ríocht. Mar sin de, fógraím féile chun gabháil an dragain mhóir agus an díbirt draíochta as Camelot, a tharla fiche bliain ó shin, a cheiliúradh.’ Chuir an rí a lámha suas agus dúirt go lúcháireach, ‘Go dtosaí an ceiliúradh!’

 

‘Buahhh!’

 

Bheadh na daoine uilig imithe as an áit, murach glór mná a tháinig go tobann as an slua. Ghlac na daoine a bhí ina seasamh mórthimpeall uirthi céim siar uithi. Chaith an bhean seanghúna donn agus chuir a gruaig liath a seanaois in iúl. Tháinig a huallach as a croí. Tost a bhí ann. Agus ansin thosaigh sí ag labhairt leis an rí.

 

‘Níl ach drochrud amháin atá ann sa tír seo agus ní draíocht atá i gceist agam. Tú féin atá ann! Mharaigh tú mo mhac de dheasca d’fhuath is do neamheolas,’ arsa sí agus chuir an rí a lámh ar bhalla na balcóine, ag éisteacht léi le haghaidh chrua. D’éirigh glór na mná feargach ansin agus bhí sí ag sileadh na ndeor nuair a dúirt sí, ‘Geallaim duit: sula gcríochnóidh na féilte beidh tú féin ag caoineadh fosta. Ghlac tú mo chroí, m’áthas, is mo mhac uaim, agus déanfaidh mé rud éigin níos measa ortsa!’

 

‘Gabhaigí í!’ a scread an rí.

 

Ar chur a díoltais don rí in iúl, rug an tseanbhean go deifreach greim ar shiogarlín beag a bhí ar a muineál. Scairt sí cúpla focal i dteanga shaoithiúil. Tháinig blosc ard agus gaoth dhraíochta tríd an slua agus chlúdaigh na féachadóirí a súile. Ar rá a geas, d’fhág an bhean amach faoi scamall toite dubh.

 

Ansin stop an aimsir draíochta go garbh. Níor fhan na daoine i bhfad tar éis racht na mná. D’fhill an rí sa chaisleán le ceangal agus thosaigh daoine na cathrach ag obair nó á ndéanamh réidh don bhféile. Bhí iontas ar Mherlin agus bhí sé trína chéile ag amharc thart ar an gclós. Nach bhfaca siad féin an chailleach ag cur an nádúir ar a ceann nóiméad beag ó shin?

 

Ach ansin ba cuimhin le Merlin go tapadh go raibh rud le dhéanamh aige freisin. Bhí coinne thábhachtach aige agus ní raibh sé ag iarraidh bheith mall.

 

Rún Mherlin

 

Nuair a tháinig Merlin isteach sa chaisleán, bhreathnaigh sé beirt ghardaí roimhe. ‘An bhfuil a fhios agaibh cá bhfuil Gaius? Is é lia na cúirte é,’ a dúirt sé leo.

 

‘Thuas na staighre,’ arsa garda go díreach, ag síneadh a mhéire chuig staighre bíse in aice leo.

 

D’ardaigh Merlin túr an caisleáin gan focal eile a rá. Níor fhan sé ach ar feadh nóiméid Lia na Cúirte ar chlár ar an mballa a léigh sular shroich sé pasáiste dorcha caol. Shiúil sé go díreach chuig an doras oscailte a bhí ar a cheann. ‘Haigh!’ a dúirt sé agus é ina seasamh ar leac an dorais. Ní dúirt duine tar isteach – ní raibh ach fuaim na dí ag fiuchadh go ciúin ag teacht ón seomra ag an am sin. Ba chóir do Mherlin fanacht ansin, ach bhí fiosracht nádúrtha ar an mbuachaill agus shocraigh sé dul isteach gan cuireadh a fháil. Sin an rud go mba cúis le timpiste agus geallaim daoibh, mo chairde: ní bheidh sé sin an uair dheireanach.

 

Bhí lia na cúirte ina chónaí ann, is dócha. Seomra salach nach raibh inti – boladh cumhra a bhí inti, déanta na fhírinne. Mar sin, bhí a lán gléasanna eolaíochta aisteacha ann ó bhún go barr agus seanleabhair i ngach áit. De réir mar a chuaigh Merlin chuig lár an tseomra, chonaic sé deochanna dathgheala sa ghloiní móra agus maisc ar na mboird a bhí timpeall an tseomra. Bláthanna áille agus luibheanna a bhí ag triomú ar na mballaí freisin. Bhí Merlin ag iarradh gach uile rud a scrúdú nuair a fuair sé spléachadh ar scafall adhmaid os a chionn. Seanfhear lena chuid gruaige liath fada a bhí air, ach níor chonaic sé Merlin, mar bhí sé ag tabhairt imleabhair as an tseilf.

 

‘A Ghaius?’ arsa Merlin agus réitigh sé a scornach go hard.

 

Bhain glór Mherlin geit as an seanfhear. D’imigh na cosa uaidh ar an bpoint nuair a chas sé thart chuig an mbuachaill óg. Thit lia na cúirte tríd an ráille cosanta a bhí timpeall an scafaill leis sin. Titfeadh sé go díreach ar an urlár, mura dtarlódh rud dochreidte ag an am céanna.

 

D’éirigh súile Mherlin dath an oir ghlain agus leis sin bhí Gaius ar foluain san aer! Bhuel, le fírinne bhí an fear ag titim, ach cuireadh moill ar am féin. D’amharc Merlin thart go tapadh agus chonaic sé leaba mhór sa chúinne. Níor leag sé lámh ná méar ar an leaba, ach rith sí transa an tseomra agus é ag gliúcaíocht uirthi. Stop an leaba nuair a bhí sí díreach thíos an seanduine. É sin déanta, d’éirigh am a ghnáthluas arís.

 

‘Á!’ a scread Gaius, mar bhí sé ag smaoineamh faoi phian a bhraithfeadh sé í nuair a thit sé ar an urlár. Dúradh i gCamelot go raibh gach rud ar an domhain feicthe ag seanlia na cúirte agus de ghnáth chreidfinn é mé féin. Ach ar an lá sin níor chuir sé an-ionadh oraibh agus orm amháin nuair a thit an seanfhear ar tocht mín gan cnámh ar bith a bhriseadh.

 

Chaoch Gaius na súile cúpla uair agus léim sé ina sheasamh. ‘Cén fáth – cad a rinne tú anois beag?’ ar an fear go mór trína chéile.

 

D’amharc Merlin go nerbhíseach timpeall an tseomra agus thosaigh sé ag rá, ‘Bhuel ...’

 

‘Abair liom!’ arsa an lia os ard de réir mar a dhírigh sé a róba fada donn. 

 

‘Cogar, níl cliú agam faoi é sin,’ a labhair Merlin go stadach.

 

D’fhéach Gaius ar Mherlin, ar an leaba agus ar an ardán a thit sé de agus dúirt, ‘Dá bhfeicfeadh duine ar bith é sin—’

 

‘Ní raibh sé sin i mo chumhacht,’ arsa Merlin go tapadh. ‘Ní raibh sé ach – ach—’ 

 

‘Tuigim cad a bhí sé,’ arsa Gaius agus Merlin ag stánadh air lena bhéal ar leathadh. ‘Ba mhaith liom tuilleadh eolais cár fhoghlaim tú é.’

 

‘Áit ar bith,’ ar Merlin.

 

‘Mar sin, cén fáth a bhfuil eolas draíochta agat?’

 

‘Níl sé agam!’

 

‘Cén áit a rinne tú staidéar uirthi?’ arsa an lia go ciúin. Níor fhan sé i bhfad sular scairt sé, ‘Freagair an cheist!’

 

‘Níl draíocht foghlamtha agam agus níor mhúineadh mé,’ d’fhreagair an draoi.

 

‘An bhfuil tú ag insint breága dom, a bhuachaill?’ ar Gaius.

 

‘Cad is chóir dom a rá leat?’

 

‘An fhírinne.’

 

‘Rugadh mé le draíocht,’ d’admhaigh an buachaill.

 

‘Dodhéanta!’ a ghlaoigh Gaius. D’amharc sé ar an leaba arís. ‘Cé túsa?’

 

‘Gabh i leith ... Tá an litir seo agam,’ a dúirt Merlin de réir mar a tharraing sé a mhála de. Rug an buachaill greim ar litir istigh. Thug sé do Gaius í. ‘Sin é.’

 

‘Níl mo spéaclaí agamsa,’ arsa an lia.

 

‘Is mise Merlin.’

 

‘An mac Hunith thú?’

 

‘Is mé.’

 

Cheap Gaius ar feadh nóiméid agus dúirt, ‘Is cheart duit a shroicheadh Camelot Dé Céadaoin.’

 

‘Inniu an Chéadaoin,’ a d’inis Merlin don fhear.

 

‘Is fíor é sin,’ ar Gaius, agus sméid sé chuig an doras ar an taobh thall den seomra. ‘Ba chóir duit do mhála a chur ansin sa seomra breise.’

 

Sular ardaigh Merlin ceithre chéim an staighre bhig go dtí an seomra cúil, d’iompaigh sé ar an seanfhear. ‘A Ghaius,’ a dúirt sé go héiginnte, ‘ní dhéarfaidh tú rud ar bith faoi mo chuid, bhuel …’

 

‘Ní dhéarfaidh mé ach rud amháin leat, a Mherlin,’ a dúirt Gaius, ‘agus caithfaidh mé a rá leat go raibh maith agat.’

 

Amach as seomra an lia le Merlin.

 

Bhain chlog na cathrach cheana féin agus thit na hóiche go tapadh. Las an draoi óg cúpla coinnle a bhí timpeall a sheomra nua sular tharraing sé a rudaí pearsanta as a mhála. Ní raibh ach cúpla bosca sa chúinne agus seanthroscáin adhmaid ann, ach bhí an seomra breise mór go leor don bhuachaill. D’amharcfadh Merlin thart maidin arna mhárach, mar bhí sé an-tuirseach tar éis a thurais fhada.

 

Nuair a bhí a mhála dípacáilte aige, lig Merlin osna as agus é ag suigh síos ar an leaba fhada chúng a bhí ag gobadh amach go dtí lár an tseomra. Bhí a lán ceisteanna ina intinn. Dúirt a mháthair leis go mbainfeadh sé eolas as lia na cúirte i gCamelot, ach ní cheap sé riamh go mbeadh eolas draíochta ag an bhfear. Bhí ádh ag Mherlin leis sin. Dá bhfeicfeadh duine eile ar bith cén dóigh a shábháil sé saol Ghaius an tráthnóna sin, cuireadh sé go díreach i bpríosún nó ar cheap an bhásadóra; ní fholghaimeodh sé an chúis a raibh draíocht aige ansin agus sin an fáth a raibh sé  i gCamelot!

 

Déanta na fírinne, ní raibh a fhios ag Merlin dá mbeadh sé riamh sábháilte i gCamelot. Ba é Uther an rí is naimhdí go dtí daoine le draíocht dá raibh riamh ar Chamelot. Go deimhin, bhí an caisleán tagtha ag Merlin caol díreach nuair a dhaoradh asarlaí óg chun báis. Cheapfaidh draoi eile dá mba drochthuar é sin. Shíl Merlin féin go raibh sé cliste go leor an fhírinne a cheilt, áfach. B’fhéidir go raibh an ceart aige leis sin. Ná b’fhéidir sin an saghas clisteacht sheafóideach is cúis le mórán mí-ádh atá ag rith le draoithe óga – tá sé róluath lena rá go cinnte. Ar aon nós, gheobhadh Merlin amach roimh i bhfad go mbeadh sé tábhachtach rún faoina chuid draíochta a choinneáil. Ba chuma cé chomh deacair go mbeadh sé.

 

Ba bheag nár thit Merlin ina chodladh nuair a chuala sé glórtha ag teacht ón gcathair amuigh. Sheas sé ar an mbord caol faoin fhuinneog mhór agus d’oscail sé í go fiosrach. Bhí an chathair álainn agus beoga san hoíche, fiú. Ní raibh sé deacair a cheisteanna agus a amhras a chur as a intinn agus Merlin ag éisteacht le torann na cathrach.

 

Ach a lán ceisteanna a bhí ar lia na cúirte sa seomra ar taobh eile an dorais.

 

Suigh Gaius síos agus d’fhéach sé ar litir Mherlin. Scríobh Hunith í. Ba bean chineálta agus mam Mherlin í. Ba cairde í agus Gaius fada ó shin nuair a bhí saol ag Hunith i gCamelot. Mar sin, d’imigh sí as Camelot thart faoin am go raibh Uther ag cur a chogaidh ar draíocht scór bliain ó shin. Bhí sí ina cónaí sa seanbhaile iargúltasa ó shin, gan rud ar bith aici ach a mac óg agus a teacht ceann tuí.

 

Scríobh sí:

 

Gaius, a chara,

Tá mé ag scríobh duit ach tá mo bhealach caillte agam, táim i m’aonar agus níl a fhios agam cé a bheadh múinín agam as. Is dual do ghach mháthair a thuiscint go raibh a páistí suaithinseach i lár slua aici. Ach gheobhainn bás go chaithfeadh Merlin saol simplí.

 

Is as baile beag muidne agus tá Merlin agus go leor daoine ann in achrann le chéile. Má fhanann sé sa bhaile— tá eagla orm nuair atá mé ag smaoineamh faoi a dhual. Tá duine críonna ag teastáil uaidh, duine a chabhrú leis go gcuirfeadh tuiscint ar a nádúr féin air.

 

Ó mo chroí amach atá mé ag iarraidh go gcosnófá é agus go sábhála Dia sibh.

 

D’fhill Gaius an litir nuair a léigh sé í ó thús go deireadh agus bhain sé a spéaclaí de. Dhéanfadh sé a dhícheall Merlin a chabhrú. Mar sin, ba chóir aige tuilleadh eolais eile a fhoghlaim faoin stócach le bua don draíochta chumhachtach.

 

Caint leis an rí

 

In áit eile an chaisleáin bhí duine éigin eile ciaptha ag ceisteanna báis nó beatha freisin. Morgana ba ainm di. Ba í maighdean dhána ó theaghlach mór le rá agus bhí sí ina seasamh ag an bhfuinneog taobh amuigh den Halla Cóisire. De gnáth bhíodh cuma ghealgháireach uirthi, ach ag an am atá i gceist agam bhí a gruaig dhubh fhada ag sileadh síos léna haghaidh agus í ag stánadh ar an tua a bhí fós ar an mball i lár na cúirte a raibh an bású ann i rith an lae. Chuir sé brón uirthi nuair a smaoinigh sí air.

 

Mar sin féin, níor an céad bású é a bhí feicthe ag an gcailín óg. Ba choimircí an rí í Morgana agus ba léir di an fhírinne: bhí fuath an rí neamhmheasartha. Dhaor Uther le draoithe Chamelot chun báis gan triail chothrom agus chuir sé géarleanúint ar na drȳ-menn — ba mhuintir shíochánta na tuaithe iad na drȳ-menn agus chleacht siad draíocht ar an sean-nósanna. Chuir sé sin eagla ar an rí. Rinne Uther neamhaird ar a gcúiseanna a bheith ag canadh draíochta; ba cuma go raibh siad ag sábháil a bpaistí léi nó ag cur mallachta ar bharr comharsana. Thuig Morgana go raibh Uther ceanndána agus go raibh sé san éagóir ar dhaoine le draíocht. Bhí fuil ar a lámha agus ní chuirfeadh Morgana é as a hintinn go haibéil.

 

‘A Mhorgana,’ a bhrís glór Uther í as a cuid smaointe.

 

‘Sea?’

 

‘Cad atá á dhéanamh agat? Cén fáth nach bhfuil tú sa fleá linn?’ d’fhiafraigh an rí di. Tréimhse fhoirfe a bhí ann ceiliúradh a fhreastal. Níor thuig Uther cén fáth nár raibh an cailín ag baint suilt as an gceiliúradh leis cúirteorí eile na ríochta.

 

‘Ní chuirim suim mór i bhfeasta tar éis dícheannadh,’ arsa Morgana le glór fhuair. Bhí na beirt dhuine uaisle nóiméad amháin ina dtost sular dúirt Morgana, ‘An mháthair bhocht sin.’

 

‘Ba chóir fhoirfe é de bharr a choir,’ arsa an rí.

 

‘Cén saghas coir a bhí ann? Ní dhearna sé rud ar bith ach cuid draíocht a chan,’ a dúirt Morgana go teasaí, ag stánadh le hiontas ar an rí. ‘Ní dhearna sé dochar do dhuine ar bith!’

 

‘Ní raibh tú anseo fiche bliain ó shin. Níl a fhios agat cé chomh mór a bhí an bhagairt,’ a ghlaoigh an rí.

 

‘Cá fhad go mbeadh tú ag cur pionóis ar dhaoine de bharr rudaí a rinne fadó?’ d’fhiafraigh Morgana dó.

 

‘Go thuigfidís níl spás don dhraíocht ar bith a bheith i mo ríocht. Beidh tú liom nuair a bheannóidh mé do Lady Helen,’ arsa Uther agus chas sé le dul go dtí an fhleá arís.

 

D’éirigh Morgana níos feargaí ansin agus í ag rá, ‘Dúirt mé leat ní ghlacfainn aon pháirt sa cheiliúradh seo—’

 

‘Is do caomhnóir mé! Déan na rudaí a n-iarraim ort,’ a ghlaoigh an rí uirthi. ‘Mura léiríonn tú meas orm, tá súil agam go dtaispeáinfeá meas beag dár n-amhránaí is deise.’

 

Cheap an rí go mbeadh an focal deireanach aige leis sin, ach bhí faobhar ar theanga Mhorgana. ‘Nach bhfuil a fhios agatsa,’ a dúirt sí le frustrachais, agus an rí ag imeacht, ‘Má tá tú brúidiúil, déanfaidh tú namhaid de do mhuintir féin?’

 

Sa choill

 

Bhí an ceart ag Morgana. Dhéanfadh Uther Pendragon a naimhde féin arís agus arís eile, mar rinne sé é ó fhadó. Ach níor é an t-aon fáth a bhíodh coillte chontúirteacha timpeall thír an rí. Sea, bhí áiteanna rúndiamhra inti agus iad a lán le díbheargaigh, drȳ-menn ag bailliú luibheanna dá stóras, sáighdiúir as ríochte naimhde ag seilg troda, agus ollphéisteanna ón miotaseolaíocht agus geallaim daoibh d’íosfadh siad sibh, fiú. Agus sin an áit go mbeadh Lady Helen agus a tionlacan gardaí Chamelot go éirí na gréine.

 

Bhí na gardaí ag déanamh patróil taobh amuigh puball mór áille an amhránaí de réir mar a thrilsigh an Lady Helen a cuid gruaige fada doinne istigh, ag drantán poirt go ciúin léi féin sular thit sí ina codlata. Ní raibh a fhios acu go raibh bagairt mhór a bhí ag éalú orthu i measc na crainn.

 

Tháinig gaoth dian ar an gcoill. Chuala Lady Helen coscéimeanna agus torann craobhacha ag briseadh ina dhá chuid. Chuir drithlíní fuachta leis an Lady agus thit a trilseán as a lámha chreathacha de réir mar a lig na mic tíre glam ard astu faoin dorchadas.

 

‘An bhfuil tú ann, a Ghréagóir?’ arsa sí faoi scaoll.

 

‘Tá, a Lady Helen,’ arsa ridire le féasóg agus gruaig donn agus é ag cur a chinn isteach sa phuball.

 

‘An bhfuil gach rud maith go leor?’ d’fhiafraigh Lady Helen.

 

Smeid an garda a cheann agus dúirt, ‘Tá, a bhean uasail. Má tá ádh linn, sroichfimid Camelot amárach san oíche.’

 

‘Ceart go leor,’ arsa sise le gáire ar a béal.

 

‘Má tá mé ag teastáil uait, beidh mé taobh amuigh an phuball,’ arsa an ridire agus d’imigh sé.

 

Ó tharla go raibh an Lady Helen ina haonar arís, nigh sí a haghaidh agus í ag bhreathnú léi féin sa scáthán láimhe. D’inis an ridire leí nach raibh siad i bhfad óna gceann scríbe. Cheap sí ba chóir di an deannach dá turais a scuabadh di sular bhuail sí leis an rí agus a seanchairde i gCamelot an lá ina dhiaidh sin. Ach ní shroichfeadh sí an chathair.

 

Ar taobh eile an phuball chuaigh mothú aisteach tríd an ridire Gréagóir. Rug sé greim ar a chlaíomh agus é ag rá, ‘Cé duine atá ann,’ dhá uair sa dorchadas gan duine ar bith a fheiceáil.

 

Thosaigh na capaill ag seitreach amach go fiáin. Áfach, bhí glór mná rud a scanraigh Lady Helen – bhí duine ag drantán poirt an amhránaí amuigh. Dá mbeadh sibh in aice leis an phuball ag an am sin, d’fhéachfeadh sibh an bandraoi ar fuair a mac bás an lá céanna i gCamelot!

 

Tháinig an seanbhean tríd doras an phuball agus súile crua a bhí aici. Léim an Lady Helen ina seasamh, ach ní raibh am ar bith aici léi féin a shábháil; bhí an chailleach ag cur draíochta ag an Lady fós de ghlór garbh de réir mar a thóg sí bábóg déanta de chochán as a póca. Sháigh an chailleach olc miodóg sa chroí na bábóige agus thosaigh an Lady Helen ag tacht. Ar sá an bhábóg trí huaire, bhí a cuid oibre déanta ag an seanbhean. D’imigh na cosa ón Lady Helen agus thit an t-amhránaí is deise na tíre ar an leaba gan solas lena súile. Bhí sí marbh.

 

Bhí ach rud amháin le déanamh ag an chailleach anois. Shuigh sí síos ag an mbord maisiúcháin na mná mairbhe. Chan sí geasa eile, ag coinneáil greama ar a siogarla beag gloine. Thosaigh sé ag solsiú oráiste de réir mar a shúigh a cuid draíochta anam Lady Helen as an t-eithiar. Chuir a geasa cuma aghaidhe Lady Helen uirthi. Chuimil sí a haghaidh nua, agus mhothaigh sí go raibh a roic imithe agus a gruaig liath freisin. Ach stán a haghaidh fíor ar ais aici nuair a d’fhéach sí san scáthán láimhe ar an mbord.

 

Tar éis tamaill shroichfeadh an chailleach Camelot faoi bhréagriocht, réidh a díoltas a bhaint amach.

Story Menu

Caibidil 2

atá ag teacht gan moill!

IMG_20201128_002450_739.jpg

Translator's Notes

Read through my notes on the bilingual text and the challenges of translating Chapter 1.

20200731_133452_edited_edited.jpg

Project Main Page

Discover more about the Merlin Project, Arthurian legend, and levelling up through writing.

bottom of page